3.2.09

18

Chaitheas tráth 'gCorca Dhuibhne,
chuas "i measc na ndaoine",
mairg an t-am a chaitheas
le hAmaidí sa bhflaitheas.

Tabhair cuairt ar Thigín Uí Shé
boc Ard a' Bhóthair lán spré,
mairg don gcuairteoir ar thóir
aon Ghaeluinn Shíol Dhuibhne chóir.

Caith tráth i measc tréad Cholmáin
i dTig Chuinn ar cheann Fionntrá,
fainic! a chlann le Ghaeluinn
níl sí ag clann Naomh Bréanainn!

Tá meon cúng lucht Leitriúch
ar Bhaile na bhFeirtéarach,
tá nós na clainne Gallda
ag fáscadh dea-chlann Bhanba.

Ná cuartú Gaeil an Daingin
dream is Gallda in Éirinn,
galldachas dá leithéidí
gaimbíneachas, is leithéis iad.

Ní fhéadann ballaí Bhréanainn
an Ghalltacht 'tá in Éirinn
a choinneáil uaithí 'thuilleadh,
ní fhéadfaí é a fhilleadh.

Amhail gach olc tá maith ann
saol fíor-álainn na hÉireann,
caint Fódla fé gharsúinín
idir mé is mo mhuirnín.

5 comments:

aonghus said...

Aisteach.

Níl fhios agam faoi Tí Phaidí ach cinnte chuala (agus labhair) mise Gaolainn Tí Sayers ar an mBuailtín agus i dtithe Tabhairne nach é ar an leithinis. An Bóthar, abair, nó Tigh TP i mBaile na nGall.

Agus sin i lár an samhraidh (de réir na feilirí)

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

Ba chirte dom míniú a thabhairt.
Ní bhíonn fadhb acu Gaeilge a labhairt liomsa, go háirithe sa mBuailtín.
Ach le chéile is i mBéarla a labhraíonn an chuid is mó acu.
Chuirfeadh Tigh Pháidí díomá an domhain ort. Béarla ar fad eatarthu, Eastenders ar an teilifís srl
An rud céanna i dTigh Chuinn i gCeann Trá.

Tagaim leat faoi Bhaile na nGall, agus an ceantar máguaird. Tá sé láidir fós.
Agus ag an am céanna tá aithne agam ar dhaoine thíos ansin agus ní labhraíonn siad ach Gaeilge liomsa i gcónaí. Úinéirí Siopaí, tiomnaithe tacsaí srl.

Feictear domsa go bhfuil an iomarca daoine ón nGalltacht agus ó Shasana ina gcónaí ann anois. Agus cuireann seo brú ollmhór ar mhuintir na háite Béarla amháin a labhairt.

aonghus said...

Caithfidh muid fáil réidh leis an diabhal tabú sin nach ceadmhach Gaeilge i labhairt má bíonn oiread agus duine amháin sa chomhluadar gan gaeilge. Ní tharlaíonn a léithéid áit ar bith eile.

Dubhaltach said...

Caithfidh, muise. Ach féachann cainteoirí dúchais ar labhairt na Gaeilge i measc daoine gan Ghaeilge mar rud éigin fíor-mhímhúinte. Go dtí an pointe nach labhraíonn roinnt daoine an Ghaeilge le chéile nuair atá siad sa Daingean nó taobh amuigh dá dtigh go fiú ar eagla go gcuirfeadh sé déistin ar Bhéarlóir éigin agus as sin náire orthu !