25.2.09

22

Ardaigh a chaimiléara
a chladhaire 'bhaincéara,
ardaigh do maolcheann ramhar
le go gcuirfinn m'fhaobhar!

Is linne anois d'fhiacha
gaimbíní beaga lofa,
is orainn a bheas brú
le bhur n-airgead amú!

Ardaigh a pholaiteora
'bhithiúnaigh áibhirseora,
ardaigh do chloigeann beag dúr
d'fhonn ceann a bhaint ón bhrealsún!

Seasamh suas a rialtóra
seo do phionós 'fhalsóra,
seo dhuit croitheadh láimhe óir
nach mbeidh crá croí don rialtóir!

Lig do scíth a dhradaire
tá an obair críochnaithe,
scriosta toisc státseirbhísí
drochfhiach toisc ár scloitéirí.

19.2.09

21

Glór os cionn a gheitfeadh É
slad is sléacht in ainm Dé,
phléasc talamh le neart airm
arm ollaimh thar chlann Ismail.

Buairt is imní Iosraelach
bás is gol Palaistíneach,
cath na meán is fíorchogaí
an deabhal ag meá cairn leanaí.

Baill ag sileadh as óg-choirp
ár a fhearadh le cead nirt,
scréach is pian bhean an tí
fuílleach dá cion is páistí.

Sos sléachta a mhairfeas seal
triomaíonn fuil ar thalamh geal,
go dtí an chéad uair eile
a bhfuil gá le sléacht millte.

Fán ciúin i gcampa géibhinn
"go gclisfeadh 'bhfoighne orainn",
le gol i gcathair Gaza
is slad i gceantar Rafa.

A mhalairt i dtír na nGael
baghcat ar earraí Iosrael;
basal, sú is tarragann,
sin stró mhuintir na hÉireann.

10.2.09

20

Náire bheith in bhur dteannta
daoine cliste is léannta,
seacht náire bheith dearóil
scuainí ábhala an dóil.

Uafásach a bheith díomhaoin
gan bhród nó seasamh nó maoin,
tá obair go hiomlán bán
amhail siocán ar chosán.

Céimeanna thar na bearta
ag chuile mhic máithreacha,
70,000 céimí nua
stró 'bhí orthu níorbh fhiú.

Lag atá maithe Éireann
gan phost nó obair daingean,
ón dream sa tír is saibhre
go dtí an dream is daibhre.

Níos measa marcraí Chonnacht
nó dream eile nó Ultach,
ná lucht cathair Duibhlinne
is cathair na Gaillimhe.

9.2.09

19

Na habair, scéal lán de bhrón
an nuacht romham am lón,
ar shlí na fírinne, saoi
fear sloinnte ginealaigh, rí.

De shliocht uasal a chine
sloinneadh ó Bhulbh a fhine,
níl fear mór léinn ní ba fhearr
'scríobh Sloinnte Uile Éireann.

De bhunadh Cathair Luimnigh
le sloinne dea-Normannaigh,
Gael ard-léinn is dea-leabhair
fear fial é lena chabhair.

De bharr shaoi Áth an tSléibhe
chuas i dtreo teanga éigse,
De bharr cara Ghaeil-Mhuimhnigh
chuas i dtreo an tsaoil Ghaelaigh.

Na habair



Ar dheis Dé go deo go raibh Seán de Bhulbh

3.2.09

18

Chaitheas tráth 'gCorca Dhuibhne,
chuas "i measc na ndaoine",
mairg an t-am a chaitheas
le hAmaidí sa bhflaitheas.

Tabhair cuairt ar Thigín Uí Shé
boc Ard a' Bhóthair lán spré,
mairg don gcuairteoir ar thóir
aon Ghaeluinn Shíol Dhuibhne chóir.

Caith tráth i measc tréad Cholmáin
i dTig Chuinn ar cheann Fionntrá,
fainic! a chlann le Ghaeluinn
níl sí ag clann Naomh Bréanainn!

Tá meon cúng lucht Leitriúch
ar Bhaile na bhFeirtéarach,
tá nós na clainne Gallda
ag fáscadh dea-chlann Bhanba.

Ná cuartú Gaeil an Daingin
dream is Gallda in Éirinn,
galldachas dá leithéidí
gaimbíneachas, is leithéis iad.

Ní fhéadann ballaí Bhréanainn
an Ghalltacht 'tá in Éirinn
a choinneáil uaithí 'thuilleadh,
ní fhéadfaí é a fhilleadh.

Amhail gach olc tá maith ann
saol fíor-álainn na hÉireann,
caint Fódla fé gharsúinín
idir mé is mo mhuirnín.