5.11.08

16

Drochshuan 'bhí orainn aréir,
dearg-bhuairt go tiubh san aer,
cinntí déanta thar sáile,
athrú déanta 'gus fáilte.

Tá 8 mbliana fhada thart,
bás, díomá 'gus gol thall,
ach maidin úr bhí sólás
ceannaire úr lán dóchais.

Ríbhrú Bán duais Óbama,
dún chomh gheal le Ráth Éanna,
fear mór le léann is síocháin,
slán is bóthar don bhaothán.

Fáilte roimhe i bhFiadh Fáil,
ó chlann mhór Mhíle Easpáinn,
laoch nua an domhain thiar,
go dtuga sé a aghaidh thoir.

9.10.08

15

Mo cheol thú a sméire duibhe
toradh Dé ar dhris diabhail,
an blas nua ar shean-strus
suaimhneas nua ar mo thuras.

Caor dhubh ag fás ar thor fial,
ar theanga, do bhlas, go diail,
cuimhní óige 'tá go breá,
díom im 'ógánach cois trá.

Is fada uaim an áit sin
cois claíocha i bpáirc fhairsing,
torthaí Éirinn 'bhí ar fáil
romhainne i ngoirt áille.

Ní hionann Áth Cliath an dubhaigh is Sligeach na gréine,
idir lucht ardnósach clann Tomáis is nósanna na ndaoine,
iliomad difríochta ann leis an saol gan chothrom na féinne,
ar a laghad is ionann an sméar dhubh a fhásann go tréan ann.

29.9.08

14

Boladh ag baint le fómhar
cumha amach os mo chomhair,
talamh fliuch fuar agus geal
is fada drúcht ina seal.

Níl tada fós ina bhláth
tinn is lag atá ár ngrá,
'Mhuire, a Íosa, a Rí
tabhair cúnamh dár ngrá gnaoi.

Níl cúnamh agamsa di
ach paidir, gol is crá croí,
i lámha Dé a hanam séimh
ná beir Leatsa ár stór caomh.

Déanfad síor-aithris ar sailm naofa is dánta chóir
dá bhfaighinn Uait suaimhneas beag dár ndea-stór
a Rí gan locht gan smál gan crá lán cumhachta mór
tá Do Lámh ag teastáil go géar anois sa bhfómhar.

13

Tá an-bhrón ar shaol Fódhla
ar nuacht báis Uí Ghadhra,
staraí, scríbhneoir, sár-fhile,
moladh dá obair tuillte.

Throid sé ar son ár dteanga
ár n-ollamh breá seanchasa,
dílis, dána, ildánach,
gníomhaí neamhleithscéalach.

Gael bródúil bríomhar béasach
fear a mholfadh An Taoiseach,
dobrón 'tá ar an mhuintir
dó 'tá i measc a sinsear.

A mhic Uí Ghadhra de shliocht Mhíle Easpáinn,
síorthrodaire d'oidhreacht lánbhrí na hÉireann,
gníomhaire lán dúthrachta is dílse dod' dhream,
caillte dúinn do fhíor-intleacht díreach daingean.

12

Sa tír seo a rugadh Fionn
an sár-laoch is fearr linn,
deamhac Cumhaill mhic Treánmhóir
'thuig Pádraig mac Calprainn cóir.

Oisín an file, a mhac
Cnú Dearóil, a abhac,
bhí sé, an t-abhac, lán spraoi
agus b'in é mar a bhí.

Inniu níl aon chaint ar Fhionn
nó gníomh ar Mhá Éireann,
ní reictear ealaín Oisín
an fhiannaíocht bhreá lán grinn.

Scoth na bhFiann níl fágtha
ó charnadh na droch-sluaite,
ní mhaireann an cath ag Fionn
ó gcloistí an Dord Fiann.

Och fós tá fíorchath le troid
idir comhlachtaí lán bróid,
Gúgáil fíorGhaelach fíormhór
agus Cuil nua atá óg.

Tá an dá chon sa tseilg
(amhail a scríobh na cléirigh),
na hamais is mó a fháil
mór a bheas "Cuil" ag strácáil.

"Cumhall" fíorainm an tsuímh
an t-ainm is Gaelaí riamh,
Cumhall mac Treánmhóir chóir
athair Fhinn an bhéil bhinn mhóir.

Chuir cath ar Chonn Céadchathach
ag Cumhall mac Treánmhóir marfach,
amhail Cuil cóir sa lá inniu
an cath is nuaí is fiú.

Sa tír

11

Mairg an nuacht ar maidin
ar bhás ceannaire i Laighin;
Connachtach de Shíol mBraonáin
fear ionraic i bhFianna Fáil.

10

Sadhbh Ní Chonchúir den chorp binn
rós is áille ar Mhá Fhinn,
ceann dubh álainn mar oidhreacht
leicne is báine sa gcríoch.

Ó shíol uaisle a cine bhreá
Síol gConchubhair na sleá,
ainnir álainn le cruth caomh
'sí an bhean is áille riamh.

'Stóir mo chroí a mhacaoimh mná
níl bean eile leis mo ghrá,
'mhná mo chroí den dea-mhéin
creid mo scéal is ná creid bréag.

9

Lá dá raibh Oisín mac Fhinn
ar a shlí in Éirinn úir,
do chonaic chuige sa ród
Taoiseach mór ar a léim lúidh.

Chas ár laoch a chúl ar Bhriain
ceist dhian níor theastaigh uaibh,
fén gConradh sin os a chomhair
ábhar duairc a raibh cruaidh.

Brian
As an mBus a tháinig sé
ag rith a bhéal gan imní,
"Cá seasann tusa mac Fhinn
sa reifreann is tábhachtaí?"

Oisín
"I do chonradh níl mo spéis
is níor léigh mé na sonraí,
a rí na Féinne gan chrá
fág uaim do dhrochcháipéisí."

"'Daonlathaí mé 'Thaoisigh mhóir
fáilte fhuar atá agam,
don bheart seo atá i gcruth
frith-dhaonlathach, ní thagaim."

"Leathbhilliún gan seans gan ghlór
éagóir dá gcrá a bhraithim,
athrú ainm ar bhunreacht
ag imeacht seans mo bhráithre."

Brian
"Feabhas mór atá i gceist
agus leis sin a gheallaim,
beidh againn Eoraip níos fearr
'fear ionraic mé, ní fheallaim."

Oisín
"'Bhriain mhic Ber mhic Chris Uí Chomhain
tusa amháin a thrustaim,
ach ar seo ní mór dhom 'rá
na ráflaí seo ní chreidim."

8

"Excellency" os comhair na dála,
'gus é ag labhairt,
bualadh bos na bPoncána,
síocháin á thagairt.

Oíche roimhe os comhair béir,
'gus é ar meisce,
aláram dóiteáin go moch aréir,
'gus é traochta.

"Gura míle maith agaí",
'gus é ag críochnú,
ar thóir na Sceiche ina dhia',
'gus iad ag cruinniú.

Na gealltaí a thuganns sé,
dá chairde dílse,
an iarmhairt a chonaic mé,
Daingle Í Chúise.

7

'Fearr liom dearcadh Uí Chomhain
ná iompar mo dhuine Bertí,
gastaire le tuiscint an domhain
sa gcathaoir in áit an Taoisigh.

Ach, leaid nach trua ár gcás
i bpiantaí báis 'tá an Tíogar,
tar éis aon bhliain déag a' fás
beag leasa a bhí ár n-íobairt.

Lagtrá nach beag ar leac dorais
ach d'éirigh sé as, an fear is cliste,
ár gciste airgid a' dul chun olcais
le droim an Tíogair brúite briste.

6

Ó lá fheile Pádraig is fada a bheas tráchtadh
ar an méid a rinneadh ar Inis Fál,
mo thrua inniu ar an méid a óladh
fir is páistí ólta is ag dhul i bhfiáin.

A Phádraig na Naomh, a ruaig págánach is nathair,
nár mhór an náire dhúinn círéib is racán.
Lá chomh dona leis, lán dí gan chultúir
maistíní Éirinn is a gcíréib ar na bacáin.

5

Clár grinn a dhearcas féin
ar an tolg is mé go lagbhríoch
an fear grinn, darbh ainm Des
a' teacht chugam ag pleidhcíocht.
a scéalta Gaeilge, a thaithí Gaelach
a dhearcadh gheal a smaointeoireacht
a' maíomh os ard go raibh ag teacht,
a réabhlóid!, Mac an Easpaig.

A scéal ba grinne, a ghlór iasachta
is breá linn an Ghaeilge uaibh,
cara Gaeil a mholfadh na Fianna
Fionn, Oscar agus Diarmuid,
fá súile Gaeil d'fhoghlaim sé go teann
ar nós na hÉireannaigh uilig
is beidh muid i spraoi an fhir ghrinn,
a réabhlóid!, Mac an Easpaig

Na céadta 'tá bródúil dá ghrinn
le géarshearc shámh dá scéal mín
clanna ríthe, maca Míle
na Tíogair Ceiltigh agus gaiscígh,
cúis is gníomh a mhúsclaíonn sé
is fuair sé glaoch amhail Naomh Pádraig
le haisling bhreá ar ais a tháinig sé,
a réabhlóid!, Mac an Easpaig.

A chlár oibre fhéin is maith an scéal
mo mhisneach gur fada buan muid
go bhfuil muid lán ceoil go deo na ndeor
de bharr a chlár lán maithghníomh,
gan bhuairt gan náire, i mbród go mór
teanga ár sinsear ar gach bhéal
na Gaeil láidir aríst is ag ceol go deo,
an réabhlóid ag Mac an Easpaig.

4

Is fada uait 'Thír Fhiachrach Fhéil
a gcluineadh ionat aon ní binn,
caint na nGael is binn ó mbéal
in áit Béarla borb míbhinn.

Ó gcnoc an aoibhnis - Sliabh Ghamh
rith an ghabhair is scéal na Féinne;
maigh na Muaidhe, bun Shliabh Dhamh
thiar i dtír na ngort séimhe.

Leacan maol gan chrann gan chnoc
páirc fhairsing, cnocán aonar;
Muc Dhubh álainn aoibhinn chaomh
an gleann caoin mo sheacht sinsear.

Cnoc na bPréachán, fána shéimh
ceantar préimhe, Ceathrú fhial;
síorbhagairt ó lucht tógála
beag sólás ó thithe saoire.

3

Is beag beann ar an saothar
nó focail ag na Fianna,
gan bheart de réir briathair
'siad saighdiúirí cinniúna.

Ní sheasfadh a leithéidí
gan fhreasúra is laige,
sin baicle Eanna Cennaí
is Páirtí a'Lucht Oibre.

Seasamh buan níos láidre
in ainneoin na mbacach,
suas pointe is síos pointe
is beag bídeach a gcasacht.

Fear airgid Dhroim Conra
printíseach is a mháistir,
Is beag díomá atá ort-sa
dream Mhanchain is d'aistir.

Le smideadh donn deas oraí
clúdach donn is airgead,
ach fós mealladh na vótaí
le dallamullóg is cairéad.

2

Ná déan dearmad a Ghaeil
go bhfuil cumhacht i do bhéal,
neamhshuim an rud is dona
in aghaidh lucht an Chonartha.

Chlanna nGael is mór an dua
'tháinic chugaí a leasuithe chrua,
le téacs dothuigthe is doléite
creidtear go mbeidh bhur mbarúil cloíte.

Ná glac le caint nó bagairt folamh
díriú an intinn cosúil leis an ollamh
ar an gceist 'tá os ár gcomhair amach,
óir, ní bheidh reifreann eile a'inn go brách.

Cumhacht sa bhreis do lucht an mhaorlathais
post buan deas dár dTaoiseach mallaithe,
Beag beann ar mhíleatú ná an easpa daonlathais
'bhfuil prionsabail na poblachta caillte?

1

Cad a dhéanfaimid feasta gan Lá Nua?
Tá nuachtáin laethúil na Gaeilge ar lár;
ní bheidh trácht ar Ghaeilge ná ar chiste
is ní bhainfear an tAcht amach go brách.
An foilseachán úd a mbreathnaíodh na Gaeil ann
fuair gradam is meidhir thar nuachtáin,
bhíodh colúnaí gaelacha i mbun pinn ann
is na díospóireachtaí binne á reáchtáil.

Ní léifear focail Cummings a thuilleadh ann,
ná súil siar na seachtaine níos mó,
ná fiú na n-eagarfhocail fiúntacha
thabharfadh misneach agus treoir.
Níl focail binne milis Uí Mhuineachán ann
le hamharc an lae a dhul uainn,
ná an tUasal Mac Giolla Choill i mbarr a réime,
ós é a chuirfeadh an saol chun suain.

Tá brón ag titim ar chroíthe ann
ná glanann le gréin ná lá,
tá smúit ag titim ón Fhoras ann
is a gcuid airgid go léir ag trá.
Níl leathanach, níl dúch, níl síntiús ann,
ach drochfhiach is an blagadán.
nuachtán laethúil gan pháipéar ann,
is PDFanna as seo amach ina áit.
Anois mar bharr ar gach míghreann,
chuaigh prionsa na hirisí go tóin poill,
thíos le coirp dóibh siúd a tháinic romhainn
ní bheidh sé i bhfad go mbeidh Lá ar an mbarr.
Anois tá An Scéaltacht á caoineadh,
ní bhfaigheadh airgead buí nó bán;
is ní leanfadh nuachtán na ndaoine,
ach uaigneas, an chartlann.

Impím ar Fhirdia is ar an bhForas
go dtuga siad an 100,000 atá uainn
go mbeidh ailt fada ag gabháil timpeall,
léirmheasanna ceoil is ealaíon;
go dtógtar an teanga seo ár sinsear,
Gaeilge bhreá arís go hard,
is go brách nó go dtiocfaidh an díle
ná feictear í arís ar lár.